RAIDIÓ NA LIFE 102 FM


For IR#25 (about US$40) would you like to become a shareholder and help Raidió na Life?

Tháinig an chéad raidió neamhspleách Gaeilge ar an aer i Mí Mheán Fómhair 1993. Thosaigh Raidió na Life 102 ag craoladh le ceadúnas ón gCoimisiún um Raidió agus Teilfís Neamhspleách i mBaile Átha Cliath agus an ceantar mórthimpeall air ar an 25 Meán Fómhair. Is é Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta a bunaíodh i 1989 atá i mbun Raidió na Life 102. The first independent Irish language radio station, Raidió na Life 102, came on the air in September 1993 covering the Dublin and surrounding areas. It broadcasts under licence from the Independent Radio and Television Commission. Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta, which was set up in 1989, is the organisation which runs Raidió na Life 102.

Is stáisiún pobail é Raidió na Life 102 atá dírithe ar an líon mór daoine i mórcheantar Bhaile Átha Cliath a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus orthu san a labhrann í mar phríomhtheanga. Tá béim an-mhór ar an aos óg sa raidió agus freastalaíonn an tseirbhís ar na daoine óga sin gur mian leo an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga agus i gcomhthéacs nua-aimseartha uirbeach. Raidió na Life 102 is a community station for the numerous people in the greater Dublin area who are interested in the Irish language and for those who use it as their primary tongue. There is a great emphasis on young people's interests in the radio and the service seeks to accommodate the needs of those young people who wish to use Irish outside of the classroom situation in a modern urban context.

Tá aon duine dhéag fostaithe ag an táisiún faoi láthair, triúr acu sin go lán-aimseartha agus an chuid eile ar bhonn páirtaimseartha mar chuid de scéim fostaíochta pobail. There are currently eleven people employed at the station, three of those are full-time and the others are on a part-time basis as part of a community employment scheme.

Bíonn an stáisiún ag craoladh ó 1700 - 2230 gach lá na seachtaine móide idir 1100 agus 1300 maidin Dé Domhnaigh agus Dé Sathairn. The station broadcasts from 1700 - 2230 each day of the week with an additional two hours between 1100 - 1300 on Saturday and Sunday mornings.

Craoltóirí deonacha ar fad atá i mbun na gcláracha. Agus tá réimse leathan cláracha ar fáil ar Raidió na Life 102. Cuirtear tús le gach lá le clár réamhcheoil agus míreanna eolais faoi ábhair éagsúla. Ina dhaidh sin ag 1830 bíonn clár fógraí agus imeachtaí ar siúl ag insint do dhaoine cad tá ar siúl sa chathair agus seinntear iarratais cheoil do dhaoine ar an gclár céanna. An Jeaicín Beo is teideal don chlár sin. All our programmes are devised, produced and presented on a voluntary basis. Raidió na Life 102 indeed provides a very broad range of programmes. Each day begins with "drive-time" music and information. Then at 1830 an events and diary programme is broadcast giving out information about what's on in the city and environs. Music requests are played on the same programme which is called "An Jeaicín Beo" [The Live Jackeen].

Ansin idir 1915 agus 2000 gach oíche bíonn clár sainspéise faoi ábhar ar leith. Tá caighdeán an-ard sa chlár seo agus faoi láthair is iad na réimsí spéise a chlúdaítear gach seachtain ná, an ceol traidisiúnta, cúrsaí ban, cúrsaí timpeallachta, cúrsaí litríochta agus leabhar, cúrsaí pobail, déagóirí agus móragallamh le duine cáiliúil gach seachtain. Then each evening between 1915 and 2200 there is a special interest programme dealing with a specific topic. This programme is of a very high standard and the areas of interest currently being covered each week include traditional music, women's affairs, the environment, literature and books, community affairs, teenagers and a major interview with a well-known personality.

Ansin ar feadh uair an chloig gach oíche craoltar irischlár dar teideal "An Tuar Ceatha". Clúdaíonn an clár seo a bhfuil ag titim amach i réimse na n-ealaíon agus cultúir, cúrsaí reatha an lae, scannáin agus imeachtaí an tsaoil Ghaelaigh. After this there is an hour-long magazine programme which is called "An Tuar Ceatha" [The Rainbow]. This programme encompasses what is happening in the world of the arts and culture, current affairs, films and matters pertaining to the Irish language scene.

Ansin idir 2130 agus 2230 gach oíche bíonn clár dar teideal "Ceolta na Cruinne" ar siúl ar a mbíonn clár le cineál éagsúil ceoil gach oíche. Faoi láthair tá na cineálacha seo a leanas á gclúdach: ceol ceilteach, ceol do dhéagóirí, ceol ailtéarnach, ceol traidisiúnta, ceol tíre, ceol domhanda, bannaí nua Éireannacha agus snagcheol. Tá ag éirí thar barr leis na cláracha seo go háirithe i measc daoine óga. Then between 2100 and 2230 each evening "Ceolta na Cruinne" [Music of the World] is broadcast being a music programme featuring a different genre of music each night. The genres currently being covered are Celtic music, modern/pop, alternative music, folk, world music, jazz and new Irish bands. This particular programme is proving very successful particularly with young people.

De réir théarmaí an cheadúnais chraolacháin atá againn tá cosc orainn gnáthfhógraíocht tráchtála a chraoladh ar an aer. Is i bhfoirm urraíochta ó chomhlachtaí agus trí imeachtaí pobail ar nós ceolchoirmeacha, crannchuir agus a leithéid a fhéachaimid le hairgead a bhailiú chun an stáisiún a choimeád ag rith. Chomh maith leis sin díolaimid scaireanna i gComharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta ar IR#25 an ceann. The terms of the licence under which Raidió na Life 102 operates prevent us from carrying ordinary commercial advertising on the air. We have to make do with what we can get from sponsorship and community based fundraising such as concerts, draws and the like in order to raise the necessary finance to meet the running costs of the station. We also sell shares at IR#25 each in Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta, a registered limited co-operative.

Tá, agus beidh, sé an-dian orainn dóthain teacht isteach a fháil ó na foinsí thuasluaite chun na costais reatha uile de IR#65,000 sa bhliain a ghlanadh. Mar sin bheimis an-bhuíoch d'aon duine a d'fhéadfadh cabhrú linn trí bhealach ar bith le hairgead a thabhairt isteach. It is, and will continue to be for some time, very difficult to maintain enough revenue from the above-mentioned sources to meet the running costs of around IR#65,000 per year. We would therefore be very grateful to anyone who could help us in any way with raising funds for this worthwhile venture.

Ar mhaith leat a bheith i do scairshealbhóir? Níl aon teorainn leis an méid scaireanna is féidir a cheannach. Gheobhaidh tú teastas oifigiúil scairshealbhóra, beidh have direct input into baint dhíreach agat le station policy and you will polasaithe craolta an stáisiúin a leagan amach agus coimeádfar ar an eolas tú mar gheall ar imeachtaí Raidió na Life 102. Nó d'fhéadfá síntiús de shuim ar bith a chur chugainn agus áireofar thú i measc "Cairde Raidió na Life 102". Chuirfimis fáilte roimh mholtaí de shaghas ar bith faoi conas cabhrú linn ó thaobh airgid. Is ceartr gach comhfhreagras/síntiús achur chuig: Would you like to become a shareholder? There is no limit to the amount of shares anyone can hold. You will receive an official shareholder's certificate, be kept informed about developments in Raidió na Life 102. Or you could send us a donation of any amount and you will be registered as a member of "Friends of Raidió na Life 102". We would welcome any suggestions regarding fundraising for Raidió na Life 102. All correspondence and contributions should be sent to:

An Rúnaí,
Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta,
46 Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2.
Éire
Guthán: + 353 1 679 4780
Facs: + 353 1 679 0214
An Rúnai
Comharchumann Raidió Áthá Cliath Teoranta,
46 Kildare Street,
Dublin 2.
Ireland
Telephone: + 353 1 679 4780
Fax: + 353 1 679 0214

Go raibh maith agaibh. Thank you all very much.


radio page | the gumbo pages
search this site | e-mail chuck

Chuck Taggart